Téann cathair Szentendre siar go haimsir na Rómhánach ach bhí tionchar ag dídeanaithe as an tSeirbia ar an gcathair ó dheireadh an 17ú haois agus tá a lorg sin le feiceáil fós sa lá atá inniu ann. D’fhág an tionchar a bhí ag na ceangail pholaitiúla agus chultúir trasteorann a mharc féin ar nádúr na cathrach. Rinneadh forbairt uirbeach faoi thionchar an chultúir uirthi, forbairt ina raibh ról ollmhór ag an oidhreacht chultúrtha agus inar cuireadh ar chumas na cathrach feidhmiú mar dhroichead idir limistéir dhifriúla chultúir san Eoraip ón Oirthear agus ón Iarthar, ó Imchuach na mBalcán agus ó Imchuach Cairp, agus ón gCríostaíocht Chaitliceach agus ón gCríostaíocht Cheartchreidmheach. Cruthaítear dúshlán leanúnach don chathair mar gheall ar chomh gar agus atá sí do Bhúdaipeist.
Tá spiorad na caoinfhulaingthe il‑eitní agus reiligiúnaí, sin agus an teacht aniar agus an chruthaitheacht uirbeach, le brath in Szentendre ó dheireadh an 17ú haois, mar gheall ar a shuíomh trasteorann. Tá naisc ag an gcathair feadh na Danóibe, agus bhí comháitiú bisiúil i gcónaí ann idir an pobal Ungárach, an pobal Seirbiach agus pobail eile nach iad, rud a d'fhág gur áit í a maireann daoine le chéile go síochánta, a n‑imeascann siad agus a malartaíonn siad go tairbheach, agus tá dearadh ailtireachta speisialta ann dá bharr. Bhí cumasc idir cultúir an Oirthir agus an Iarthair sa dúiche seo ina raibh saoirse ealaíne le linn réimis ollsmachtacha, rud a chinntigh spiorad an bhaile agus a fhágann gur féidir an oidhreacht bheo sin a bhrath ann fós inniu.