Skip to main content

Culture and Creativity

Láthair Chuimhneacháin in Łambinowice (an Pholainn)

Tá cúpla áit ar ‘Bhóthar an Chuimhneacháin’ mar chuid den Láthair Chuimhneacháin in Łambinowice: Seanreilig na bPríosúnach Cogaidh, limistéir iar‑Stalag VIII B (344) agus iar‑Stalag 318/VIII F (344) Lamsdorf, Reilig Phríosúnaigh Chogaidh na Sóivéide, limistéar an iar‑Champa Oibre agus a Reilig, agus Músaem Láir na bPríosúnach Cogaidh.

Bunaíodh músaem in 1964 chun comóradh a dhéanamh ar na campaí agus ar nithe a bhain leis na Príosúnaigh agus chun staidéar a dhéanamh orthu, campaí a bunaíodh sa Chogadh Franc‑Phrúiseach in 1870‑71 agus a úsáideadh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Tá os cionn 7000 príosúnach cogaidh ó roinnt tíortha san Eoraip curtha sa tSeanreilig. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh go leor trodaithe frith‑Naitsíocha agus trodaithe ar son na saoirse i ngéibheann sna campaí. Baineadh úsáid as na campaí le haghaidh saoránaigh imirceacha tar éis na gcogaí.

Tá sollúntacht thrasnáisiúnta ag an Láthair Chuimhneacháin in Łambinowice toisc gur bhain stáit dhifriúla úsáid as na campaí agus mar gheall ar stair na bpríosúnach cogaidh iad féin. Faightear léargas ar an láthair ó na mílte Eorpach a dhéanann trácht ar imeachtaí stairiúla san Eoraip a raibh tábhacht leo, ón gCogadh Franc‑Phrúiseach suas go dtí an oll‑imirce tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Tá ról tábhachtach aige maidir le comóradh agus staidéar a dhéanamh ‑ trí thaighde sa phobal agus taighde comparáideach ‑ ar na gnéithe sin de stair na hEorpa ar lú an cur amach orthu agus maidir le míniú a thabhairt orthu. Tarraingítear aird anseo ar an ngá atá le féachaint ar pheirspictíochtaí difriúla agus nasc a chruthú leis an saol i láthair na huaire.