Skip to main content

Culture and Creativity

An tSraith THRASEARNÁLACH

Creative Europe Cross-sectoral page visual

Is é is aidhm don tsraith THRASEARNÁLACH comhar idir na hearnálacha éagsúla cultúir agus cruthaitheachta a threisiú, rud a chabhróidh leo dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna atá rompu agus teacht ar réitigh nuálacha nua. Déantar é sin, mar shampla, trí chomhar beartais, trí na seirbhísí a sholáthraíonn deasca Eoraip na Cruthaitheachta agus trí Shaotharlann na Nuálaíochta Cruthaithí.

Tacaíocht nua d’earnáil na meán nuachta

Den chéad uair, tá maoiniú á chur ar fáil ag Eoraip na Cruthaitheachta d’earnáil na meán nuachta chun litearthacht sna meáin, iolrachas na meán agus saoirse na meán a chur chun cinn, mar aon le gníomhaíochtaí chun cabhrú leis an earnáil dul in oiriúint do na dúshláin struchtúracha agus theicneolaíocha atá os a comhair.

In 2021 go háirithe, sheol Eoraip na Cruthaitheachta glao ar thograí maidir le comhpháirtíochtaí iriseoireachta. Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo:

  • comhar trasteorann ar fud na hearnála a chur chun cinn i measc gairmithe na meán nuachta san Eoraip
  • roinnt dea-chleachtas maidir le claochlú comhoibríoch gnó a spreagadh
  • comhar iriseoireachta a spreagadh ach caighdeáin, modhanna nua gnó, cláir oiliúna, scéimeanna maoiniúcháin agus gníomhaíochtaí eile a fhorbairt arb é is aidhm dóibh tacú le hiriseoireacht ardchaighdeáin.

Tá an tacaíocht dírithe ar earnáil na meán nuachta san Eoraip i gcoitinne, na meáin bheaga san áireamh.

Tacú le réitigh nuálacha dhigiteacha do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta

Trí ghníomhaíocht Shaotharlann na Nuálaíochta Cruthaithí, is mian le hEoraip na Cruthaitheachta cuir chuige nuálacha a spreagadh maidir le hinneachar a chruthú, a rochtain, a dháileadh agus a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, agus in éineacht le hearnálacha eile freisin. Cuirfidh cuir chuige den chineál sin an t-aistriú digiteach san áireamh agus clúdóidh siad gnéithe a bhaineann leis an margadh agus nach mbaineann.

Is é is aidhm do Shaotharlann na Nuálaíochta Cruthaithí:

  • gníomhaithe ó na hearnálacha éagsúla cultúir agus cruthaitheachta a spreagadh chun réitigh nuálacha dhigiteacha a dhearadh agus a thástáil, rud a mbeidh tionchar dearfach fadtéarmach aige
  • cruthú uirlisí, samhlacha agus modhanna atá nuálach agus gar don mhargadh a éascú ar mhaithe leis an earnáil chlosamhairc, sin agus ar mhaithe le ceann amháin ar a laghad d'earnáil na cruthaitheachta nó an chultúir.

Foilsíodh an chéad ghlao ar Shaotharlanna na Nuálaíochta faoin gclár nua Eoraip na Cruthaitheachta:

Deasca Eoraip na Cruthaitheachta

Is é is aidhm do Dheasca Eoraip na Cruthaitheachta:

  • eolas faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta a sholáthar agus an clár a chur chun cinn ina dtír
  • cuidiú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i dtaca leis an gclár, agus eolas bunúsach a chur ar fáil maidir le deiseanna tacaíochta eile
  • comhar trasteorann laistigh d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh
  • cúnamh a chur ar fáil maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i dtíortha rannpháirteacha
  • tacú leis an gCoimisiún chun a chinntiú go ndéanfar torthaí agus tionchair an chláir a chur in iúl agus a scaipeadh mar is cuí
  • cinnte a dhéanamh de go ndéanfar eolas maidir leis an maoiniú a bhronntar ar thír rannpháirteach agus maidir leis na torthaí a fuarthas inti a chur in iúl agus a scaipeadh.
Tagged in:  Eoraip na Cruthaitheachta