Skip to main content

Culture and Creativity

Oidhreacht chultúrtha i mbeartas réigiúnach

Cuireann cónaitheoirí agus cuairteoirí araon an‑luach ar an gcultúr ar fud réigiúin agus chathracha na hEorpa. Is príomhghné dá n-íomhá agus dá n-aitheantas í an oidhreacht chultúrtha. Is leis an turasóireacht chultúrtha a bhaineann 40% de na gníomhaíochtaí turasóireachta ar fad san Eoraip.

Tá ról ríthábhachtach ag an oidhreacht chultúrtha chun forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe a bhaint amach agus is féidir léi cuidiú le cathracha agus réigiúin a athbheochan. Comhoibríonn an tAontas Eorpach le cathracha agus réigiúin chun tacaíocht airgeadais a sholáthar don chultúr, feasacht a chothú ar chumas an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha agus straitéisí comhtháite a cheapadh trí roinnt ionstraimí.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an oidhreacht chultúrtha

Tugann an ciste tacaíocht don oidhreacht chultúrtha trí ghníomhaíochtaí a mhaoiníonn cosaint, forbairt agus cur chun cinn sócmhainní cultúrtha ar an leibhéal áitiúil.

Áirítear na nithe seo a leanas le samplaí na ngníomhaíochtaí ó 2007-2013 agus 2014-2020:

Faigh tuilleadh samplaí de thionscadail oidhreachta cultúrtha ar shuíomh gréasáin Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, lena n-áirítear Gradaim REGIOSTARS.

Clár Oibre Uirbeach don Aontas

Tá tús curtha ag Ballstát an Aontais le comhpháirtíocht nua ar ábhar an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha in 2018. Sa mhodh nua oibre il-leibhéil seo cuirtear comhar chun cinn idir cathracha, na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara eile laistigh de chreat an Cláir Oibre Uirbigh don Aontas.

Is é is aidhm don Chlár Oibre Uirbeach don Aontas feabhas a chur ar an gceapadh beartas agus ar a chur chun feidhme sa 3 ghné seo

  1. rialáil níos fearr
  2. cistiú níos fearr
  3. eolas níos fearr

Beartaíonn gach comhpháirtíocht pleananna gníomhaíochta deonacha lena mbaineann tionscnaimh choincréiteacha atá le cur i bhfeidhm ag comhaltaí comhpháirtíochta. Is iad na pleananna gníomhaíochta an príomhshásra seachadta laistigh den Chlár Oibre Uirbeach don Aontas.

Oidhreacht Chultúrtha i nGníomh

Is éard atá san Oidhreacht Chultúrtha i nGníomh clár piarfhoghlama do lucht ceaptha beartas áitiúil agus réigiúnach chun eolas ar an oidhreacht chultúrtha a mhalartú. Thosaigh an ghníomhaíocht, arna cistiú ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, i mí Eanáir 2020.

Tá maoirsiú á dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóireacht um an Oideachas, an Óige, an Spórt agus an Cultúr (AS EAC) ar an ngníomhaíocht seo atá á chur i bhfeidhm ag cuibhreannas comhpháirtithe faoi threoir EUROCITIES i gcomhar le Europa Nostra, Líonra Taighde agus Nuálaíochta Réigiúin na hEorpa (ERRIN), KEA European Affairs agus Comhairle Ailtirí na hEorpa (ACE).

Seachadfaidh an tionscadal catalóg de 30 dea-chleachtas ó chathracha, réigiúin, ceantair neamhuirbeacha agus thuaithe ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den ghníomhaíocht, eagrófar 12 chuairt phiarfhoghlama ar shuíomhanna roghnaithe, agus tabharfar níos mó ná 20 rannpháirtí le chéile in aghaidh na cuairte.

Cabhróidh Oidhreacht Chultúrtha i nGníomh le níos mó ná 100 ceann de lucht ceaptha beartas áitiúil agus réigiúnach chun eolas ar an oidhreacht chultúrtha a mhalartú, ag díriú ar na téamaí a leanas:

  • rialachas rannpháirteach na hoidhreachta cultúrtha
  • athúsáid oiriúnaitheach foirgneamh oidhreachta
  • prionsabail cháilíochta le haghaidh idirghabhálacha san oidhreacht chultúrtha

Is forbairt í an ghníomhaíocht seo ar an tionscnamh piarfhoghlama a bhí roimhe seo arna mhaoiniú ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta – Cultúr i gCathracha agus i Réigiúin – a mhair ó 2015 go 2017. Rinne sé scrúdú ar thionscnaimh áirithe chultúir agus ar a dtionchar ar an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach.

Áiríodh le haschuir an tionscadail

Fís 2020 le haghaidh oidhreacht chultúrtha i réigiúin agus i gcathracha

D’infheistigh an tAontas Eorpach €25 mhilliún in 2019 i gceithre thionscadal a raibh sé mar aidhm acu ceantair uirbeacha agus tírdhreacha cultúrtha stairiúla a thiontú ina moil le haghaidh na fiontraíochta agus an chomhtháthaithe shóisialta agus chultúrtha.

Seo a leanas cuid de na tionscadail a bhain leis an gclár:

RURITAGE

Leis an tionscadal seo dírítear ar chásanna i gceantair thuaithe a léiríonn an Oidhreacht Chultúrtha agus Nádúrtha mar inneall athghiniúna.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal RURITAGE.

ROCK

Dírítear in ROCK ar lár cathracha stairiúla mar shaotharlanna lena léiriú gur féidir leis an oidhreacht chultúrtha a bheith mar inneall uathúil cumhachtach don athghiniúint, don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás eacnamaíoch don chathair ar fad.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal ROCK.

CLIC

Is tionscadal trasdisciplíneach é CLIC arb é is aidhm d uirlisí meastóireachta a shainaithint chun múnlaí maoinithe, gnó agus rialachais “ciorclacha” a thástáil, a chur chun feidhme, a bhailíochtú agus a roinnt ar mhaithe oidhreacht chultúrtha agus tírdhreacha a athúsáid.

Sheol Fís 2020 tascfhórsa maidir le “múnlaí maoinithe agus gnó le haghaidh oidhreacht thógtha i gcathracha a athúsáid”. Is é is aidhm dó saineolas agus comhairle a sholáthar maidir le hathúsáid foirgneamh agus spásanna a mhaoiniú agus a bhainistiú de réir cur chuige geilleagair chiorclaigh. Treoraíonn tionscadal CLIC an tascfhórsa.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal CLIC.

An Oidhreacht Oscailte

Sainaithníonn agus tástálann An Oidhreacht Oscailte na dea-chleachtais le haghaidh athúsáid oiriúnaitheach na hoidhreachta san Eoraip.

Tuilleadh eolais faoin tionscadal Open Heritage.

Tuilleadh eolais