Skip to main content

Culture and Creativity

Cultúr i gcathracha agus i réigiúin

Ar fud réigiúin agus cathracha san Aontas Eorpach, cuireann cónaitheoirí agus cuairteoirí araon an‑luach ar an gcultúr. Tá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (CCInna) ina sócmhainní ríthábhachtacha d’iomaíochas eacnamaíoch agus mealltacht réigiún freisin, agus tá an oidhreacht chultúrtha ina príomhghné d’íomhá agus féiniúlacht cathracha agus réigiún agus is minic a dhíríonn turasóireacht chathrach orthu.

Aithnítear sa Chlár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir 2018 de chuid an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil cathracha agus réigiúin ar fud an Aontais chun tosaigh ar an bhforbairt chultúir agus is comhpháirtithe nádúrtha iad le haghaidh turgnamh, treochtaí a thuar agus múnlaí nuálaíochta sóisialta agus eacnamaíche a fhiosrú.

Cuirtear an ceann deireanach acu i dtábhacht i bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 Chomhairle an Aontais Eorpaigh freisin. Cuirtear i dtábhacht ann freisin gur cheart do na Ballstáit aird ar leith a dhíriú ar ról an chultúir ar an leibhéal áitiúil, ar chaighdeán na hailtireachta agus ar an timpeallacht bheo.

Tá roinnt sainghníomhartha sa Chreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha freisin atá ábhartha do chathracha agus do réigiúin. Díríonn na tionscnaimh Eorpacha atá beartaithe go sonrach ar chathracha agus ar réigiúin a athnuachan tríd an oidhreacht chultúrtha, ar athúsáid oiriúnaitheach foirgneamh oidhreachta chomh maith le rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a chothromú le turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe agus an oidhreacht nádúrtha.

Tacú le cultúr ar an leibhéal áitiúil

Tá trí phríomhról ag an gCoimisiún Eorpach sa chomhthéacs seo:

  1. Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.
  2. Feasacht a ardú maidir le hacmhainneacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i leith na forbartha réigiúnaí agus áitiúla.
  3. Cuidiú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha straitéisí comhtháite a cheapadh.

Tá maoiniú do réigiúin agus do chathracha ar fáil trí roinnt clár de chuid an Aontais, a thacaíonn le cultúr san fhorbairt réigiúnach freisin. Oibríonn an Coimisiún Eorpach le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus chathrach freisin, agus le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta, chun an dea-chleachtas ar an bhforbairt chultúrtha agus réigiúnach a roinnt.

Maoiniú de chuid an Aontais le haghaidh an chultúir i gcathracha agus i réigiúin

Cuirtear maoiniú ar fáil go príomha trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, lena gcuimsítear na cistí seo a leanas

Is gá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chomhtháthú le straitéisí forbartha réigiúnacha agus áitiúla chun sócmhainní traidisiúnta cultúir agus an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn, forbairt gnólachtaí cruthaitheacha a spreagadh agus tacú le hinfheistíocht i mbonneagar agus i gcaipiteal daonna, chomh maith le héifeachtaí iarmharta a thabhairt isteach sa gheilleagar áitiúil i gcoitinne. Tá sé seo i gcomhréir le prionsabal forbartha eacnamaíche réigiúnaí na Straitéisí Speisialaithe Cliste (S3), agus láidreachtaí agus acmhainneachtaí ar leith á sainaithint mar bhonn le hinfheistíochtaí.

Faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) go háirithe, tá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus/nó oidhreacht chultúrtha curtha san áireamh ina Straitéisí Taighde & Nuálaíochta le haghaidh Speisialú Cliste, laistigh de thosaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta S3 araon in 2014-2020, ag thart ar 100 réigiún san Eoraip.

Laistigh de Interreg, ceann de phríomhionstraimí an Aontais a thacaíonn leis an gcomhar réigiúnach thar theorainneacha trí thionscadail a chómhaoiníonn CFRE, tá an cultúr ar cheann de na hábhair is mó a bhfuil tóir air. Idir 2014 agus 2020, dhírigh breis agus 4000 tionscadal agus níos mó ná €1 bhilliún ar an oidhreacht chultúrtha agus ar na healaíona laistigh de Interreg.

Tá samplaí ábhartha de thionscadail Interreg a rinneadh le déanaí a bhaineann leis an gcultúr ar fáil, mar shampla, sna foilseacháin ar líne “Connecting Cultures, Connected Citizens” a d’eisigh Interreg chun Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a cheiliúradh.

Beartais chultúir áitiúla á múnlú ag comhar ar leibhéal an Aontais

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair in éineacht leis na Ballstáit ar na hábhair atá ábhartha do chathracha agus do réigiúin, mar shampla tríd an Modh Oscailte Comhordúcháin. I measc na saincheisteanna ar tugadh aghaidh orthu, bhí ról na mbeartas poiblí in acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fhorbairt agus úsáid straitéiseach as cláir tacaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh an chultúir.

Mar thionscnamh neamhspleách laistigh de ghníomhaíochtaí cultúir an Aontais, faoi chlár Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, tá cathracha ag cur saibhreas na gcultúr Eorpach i dtábhacht agus ag cur ar chumas mhuintir na hEorpa ceiliúradh ar a n-éagsúlacht a roinnt le chéile ó bhí 1985 ann, agus an cultúr á chomhtháthú le pleananna forbartha fadtéarmacha ag an am céanna.

Tá aghaidh tugtha ag Fóram Chultúr na hEorpa ar ról an chultúir maidir leis an bhforbairt áitiúil, fóram ar imeacht suaitheanta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é a eagraíodh chun próifíl an chomhair chultúrtha Eorpaigh a ardú, agus ag Voices of Culture, idirphlé struchtúrach an Choimisiúin Eorpaigh le hearnálacha an chultúir. In 2020, tionóladh grúpa oibre de chuid Voices of Culture ar an ábhar ‘Ról an chultúir i limistéir neamhuirbeacha an Aontais Eorpaigh’, agus thug 35 eagraíocht ó fud fad na hEorpa aghaidh ar cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun an cultúr a chur chun cinn i spásanna peirea-uirbeacha (lasmuigh de lárionaid uirbeacha), sna bruachbhailte agus ar an imeall.

Laistigh de chreat an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach, modh nua oibre il-leibhéal a chuireann comhar idir na Ballstáit, cathracha, an Coimisiún Eorpach agus Páirtithe Leasmhara chun cinn, tionscnaíodh Páirtíocht nua in 2018 ar ábhar an Chultúir agus na hOidhreachta Cultúrtha. Tá baint ag breis agus 30 páirtí leasmhara leis an bpróiseas faoi láthair.

Ag cuidiú le cathracha, réigiúin agus páirtithe leasmhara áitiúla foghlaim óna chéile

Oibríonn an Coimisiún Eorpach le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara cultúir áitiúla tríd an bpiarfhoghlaim agus comhaistrithe dea-chleachtais a éascú.

In 2015-2017, rinne tionscadal piarfhoghlama, Cultúr i gCathracha agus i Réigiúin, a mhaoinigh Eoraip na Cruthaitheachta, scrúdú ar thionscnaimh áirithe chultúir a bhí ann cheana féin agus ar an tionchar a bhí acu ar an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach. I measc aschuir an tionscadail seo, bhí catalóg de 70 cás-staidéar, cuairteanna staidéir ar 15 chathair/réigiún, agus sainchóitseáil le haghaidh 10 gcathair/réigiún.

In 2016-2018, chomhbhunaigh Eoraip na Cruthaitheachta an tionscadal Líonra Eorpach na Mol Cruthaitheach faoinar tugadh le chéile níos mó ná 200 ardán nó áit oibre in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta scaipthe ar fud chathracha na hEorpa chun a dtuairimí éagsúla a chothú, an comhar a neartú agus an fothú acmhainneachta a éascú.

Idir 2018 agus 2021, tá Spásanna agus Cathracha Cruthaitheacha agus Cultúir, ar tionscadal beartais é a chómhaoiníonn an clár Eoraip na Cruthaitheachta, ag féachaint le bealaí nua a fhorbairt do chathracha agus réigiúin chun an riarachán poiblí agus earnáil an chultúir a thabhairt le chéile chun beartais phoiblí a chruthú i gcomhar lena chéile. Is é sprioc an tionscadail a léiriú gur féidir leis an gcultúr agus le cleachtais chomónta comharsanachtaí agus cathracha a athrú ó bhonn le bheith ina n-áiteanna níos inbhuanaithe, agus saol níos fearr a chruthú dá bpobail.

In 2020, sheol an Coimisiún Eorpach An Oidhreacht Chultúrtha i mBun Gníomhaíochta, clár piarfhoghlama do lucht ceaptha beartas áitiúil agus réigiúnach chun eolas ar an oidhreacht chultúrtha a mhalartú. Tá 30 tionscnamh le cur ar taispeáint i gcatalóg ar líne agus tabharfar faoi 12 chuairt phiarfhoghlama, ar a mbeidh +20 rannpháirtí an ceann. Tá an tionscnamh ar cheann de ghníomhartha an Chreata Gníomhaíochta Eorpaigh maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha.

Ag cuidiú chun sonraí agus anailís ar chultúr a chur ar fáil do chathracha agus réigiúin

Is féidir le tionscnaimh a éascaíonn an Coimisiún Eorpach cuidiú chun sonraí a bhailiú agus tionchar an chultúir ar an leibhéal áitiúil a thomhas.

In 2017, d’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an chéad eagrán dá Mhonatóir ar Chathracha Cruthaitheacha agus Cultúir, a bhfuil sé mar aidhm aige a thaispeáint conas atá ag éirí le 168 gcathair roghnaithe in 30 tír Eorpacha ó thaobh réimse beart a thugann tuairisc ar a mbeocht chultúrtha agus ar an ngeilleagar cruthaitheach. Rinneadh an monatóir a thabhairt cothrom le dáta a thuilleadh in 2019.

Ó bhí 2019 ann, tá an Coimisiún Eorpach ag dul i gcomhar le Lárionad Fiontraíochta, FBManna, Réigiúin agus Cathracha OECD ar chomhthionscadal beartais do réigiúin ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus ar an bhforbairt áitiúil. Tá an tionscadal seo mar chuid den Chreat Gníomhaíochta Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha, agus tá sé á chómhaoiniú ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta agus is é Clár Fostaíochta Áitiúla agus Forbartha Eacnamaíche OECD (LEED) a chuireann chun feidhme é. An aidhm atá leis ná fianaise agus treoraíocht a chur ar fáil do chathracha agus réigiúin maidir le bealaí ar féidir luach eacnamaíoch agus sóisialta na hoidhreachta cultúrtha a uasmhéadú agus tacú le teacht chun cinn an gheilleagair chruthaithigh.

Tá roinnt saintionscnamh á ndéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na hoidhreachta cultúrtha ar leibhéal críche a thomhas. Tá siad siúd mar chuid de Chlár EPSON 2020, atá dírithe ar ghné críche Eorpach a chur chun cinn agus a chothú san fhorbairt agus sa chomhar trí fhianaise, aistriú eolais agus foghlaim beartas a sholáthar.

In 2018-2019, tugadh faoi anailís spriocdhírithe HERITAGE - An Oidhreacht Ábhartha Chultúrtha mar Acmhainn Straitéiseach Forbartha Críche, agus in 2020, seoladh taighde feidhmeach An Oidhreacht Chultúrtha mar Fhoinse Fholláine Sochaí i Réigiúin na hEorpa – ESPON HERIWELL.