Skip to main content

Culture and Creativity

Comhtháthú agus folláine

An fáth a bhfuil an comhtháthú sóisialta ríthábhachtach don Eoraip

Tá neamhionannais shóisialta, daonraí éagsúla, pobalachas, radacú agus bagairtí eile atá ag méadú roimh an Eoraip agus í ag teacht amach as réimse géarchéimeanna. Gné ríthábhachtach den chomhtháthú sóisialta a thógáil is ea tacú le ról an chultúir. Tá an cultúr fíor‑riachtanach chun coinbhleachtaí a sheachaint agus a réiteach. Is modh foirfe é chun cumarsáid a dhéanamh thar bhacainní teanga, daoine a chumhachtú agus an comhtháthú sóisialta a éascú, i measc dídeanaithe, imirceach agus pobail óstaigh mar shampla. Cuireann sé cosc ar imeallú daoine bunaithe ar a bhféiniúlacht chultúrtha, stádas socheacnamaíoch, aois agus tosca eile.

Cuireann an rannpháirtíocht sa chultúr feabhas ar an tsláinte agus ar an bhfolláine freisin. Ach a bheith i do chónaí gar d’áiteanna a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha na hEorpa is féidir feabhas a chur ar cháilíocht saoil daoine, agus tá rochtain ar an gcultúr ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a chinneann an fholláine shíceolaíoch.

Ról an Choimisiúin

Is é is aidhm don Choimisiún an comhtháthú sóisialta a mhéadú tríd an gcultúr agus an saol cultúrtha a chur chun cinn agus tríd an rochtain ar an gcultúr a neartú tríd an rannpháirtíocht shibhialta, tionscadail chultúrtha a chur chun cinn agus braistint an chumhachtaithe aonair agus na tuisceana daonlathaí a fhás.

Tugann beartais agus tionscnaimh an Choimisiúin sa réimse seo aird ar leith ar spéis agus riachtanais grúpaí faoi mhíbhuntáiste, cuir i gcás daoine óga, daoine aosta, daoine faoi mhíchumas, daoine a mbaineann cúlra imirceach nó dídeanaí leo agus daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht nó i ndíth ábhartha.

Chun na torthaí is fearr a bhaint as cleachtais chomhtháthaithe agus folláine, moltar comhar le réimsí eile, ar nós an oideachais, cúram sóisialta, cúram sláinte, na heolaíochta agus na teicneolaíochta, chomh maith le forbairt réigiúnach agus uirbeach.

Tacaíocht an Aontais don chomhtháthú cultúrtha agus sóisialta

Foghlaim ón am a chuaigh thart

Bhí an Coimisiún ar thús cadhnaíochta i dtionscnaimh éagsúla atá dírithe ar leas a bhaint as cumhacht an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha le haghaidh comhtháthú sóisialta agus folláine. Tá an comhtháthú sóisialta aitheanta ag an gCoimisiún mar cheann de réimsí tosaíochta a bheartais cultúir ó 2008. Féadfar an Bhliain Eorpach um idirphlé idirchultúrtha (2008) agus an tArdán um an Eoraip Idirchultúrtha (2008-2013) a chur i dtábhacht i ndáil leis sin.

Idir 2017 agus 2019 thionóil an Coimisiún sainghrúpa Bhallstáit an Aontais den Mhodh Oscailte Comhordúcháin freisin a chruthaigh treoirlínte do lucht ceaptha beartais agus institiúidí cultúir ar an téama ‘From social inclusion to social cohesion: the role of culture policy’ [‘Ó chuimsiú sóisialta go comhtháthú sóisialta:ról an bheartais cultúir’] (2019).

Le linn na tréimhse idir 2016 agus 2017 thionóil an Coimisiún Eorpach grúpa eile um Modh Oscailte Comhordúcháin chun plé a dhéanamh ar lánpháirtiú na n-imirceach agus na ndídeanaithe sa tsochaí trí na healaíona agus an cultúr.

Doiciméad tábhachtach eile a chuireann i láthair an misean atá ag hinstitiúidí poiblí cultúrtha an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn is ea an Report on the Role of Public Arts and Cultural Institutions in the Promotion of Cultural Diversity and Intercultural Dialogue [‘Tuarascáil ar Ról Institiúidí Poiblí Ealaíon agus Cultúrtha san Éagsúlacht Chultúrtha agus Idirphlé Idirchultúrtha a Chur Chun Cinn’] (2012-2014). Is é aidhm don tuarascáil cuidiú le hinstitiúidí tiomanta poiblí cultúrtha, ealaíontóirí agus pobail chomh maith le lucht déanta beartas leas a bhaint as acmhainneacht an chultúir ar mhaithe le cách.

An todhchaí a ullmhú

Neartaigh an Clár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir, rud a glacadh in 2018, gné shóisialta an bheartais cultúir a thuilleadh.

Tar éis phaindéim COVID-19 agus an tionchar ollmhór a bhí aici ar an saol laethúil, mhéadaigh an tAontas Eorpach a aird ar an méid a chuireann an cultúr leis an tsláinte agus leis an bhfolláine agus tá sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt air ar scála níos mó agus ar bhealach níos straitéisí:

Cheana féin in 2020, d’eagraigh AS EAC ceardlann ar líne do Bhallstáit an Aontais maidir leis an gcultúr agus leis an aosú gníomhach agus maidir le hábhar an chultúir, na sláinte agus na folláine. Bhí an cheardlann seo ina cuid de Phlean Oibre na Comhairle le haghaidh an Chultúir 2019-2022.

In 2021 seoladh an beart ullmhúcháin Forbairt Beartas ó bhun aníos i leith an Chultúr agus na Folláine san Aontas, agus é d’aidhm aige malartú eolais agus taithí a éascú i measc cinnteoirí agus cleachtóirí ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil. .. Is í Parlaimint na hEorpa a mhaoiníonn an ghníomhaíocht sin le tacaíocht ó Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir.

Roghnaíodh an tionscadal CultureForHealth chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, agus is é is aidhm dó fíorathrú beartais a spreagadh ar gach leibhéal, lena dtugtar le chéile na hearnálacha sláinte, cultúir, oideachais agus sóisialta trí thaighde fairsing, trí mhapáil ar bheartais agus ar thionscnaimh atá ann cheana agus ar threoirthionscadail i 6 thír den Aontais. D’fhoilsigh an tionscadal tuarascáil an 16 Samhain 2022 inar léiríodh na torthaí ó bhreis agus 300 staidéar eolaíochta agus 500+ tionscadal a léiríonn an méid a chuireann an ealaín agus an cultúr leis an tsláinte agus leis an bhfolláine.

Is é an clár Eoraip na Cruthaitheachta an phríomhfhoinse maoinithe do thionscadail sa réimse seo faoi láthair. Thairis sin, mhaoinigh Erasmus +, Fís 2020 agus Fís Eorpach tionscadail a nascann an cultúr, an tsláinte agus an fholláine le chéile, agus leanann siad de bheith ag maoiniú na dtionscadal sin. Culture: a driver for health and wellbeing in the EU [‘An Cultúr: spreagadh don tsláinte agus don fholláine san Aontas Eorpach’], sin bróisiúr a foilsíodh i mí na Samhna 2022 ina mbailítear le chéile dea-chleachtais a dhéantar faoi na cláir chistiúcháin sin.

Chomh maith leis sin i mí na Samhna 2022, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa seimineár comhpháirteach ar an gcultúr, ar an tsláinte agus ar an bhfolláine. Bhailigh cainteoirí ó gach cearn den Eoraip agus ó chúlraí an-éagsúil le chéile ag an seimineár: liaga, gníomhaithe cultúrtha, ailtirí agus bardais, agus go leor eile nach iad.

Idirphlé leis an tsochaí shibhialta

Tá an cuimsiú sóisialta ar chlár idirphlé struchtúrtha an Aontais leis an tsochaí shibhialta freisin, ar a dtugtar ‘Guthanna an Chultúir’. Rinneadh plé le páirtithe leasmhara ar na téamaí ábhartha seo a leanas:

In 2022, dhírigh Guthanna an Chultúir ar an Óige, an Meabhairshláinte agus an Cultúr, i measc ábhar eile. Ar cheann de na torthaí ón idirphlé maidir leis an téama sin, déanfar tuarascáil ar ról na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha i ndáil le meabhairshláinte daoine óga a fheabhsú. Foilseofar an tuarascáil ag tús na bliana 2023. Tá an creatpháipéar don phlé ar fáil anseo.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Bíonn glaonna oscailte tráthrialta ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta ar thionscadail laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Is féidir leis na tionscadail sin cabhrú, mar shampla, chun idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, tacú le lánpháirtiú dídeanaithe agus imirceach; agus guth a thabhairt d’ealaíontóirí agus do lucht féachana/éisteachta a bhfuil fadhbanna sláinte coirp agus fadhbanna meabhairshláinte acu.