Skip to main content

Culture and Creativity

Forbairt uirbeach inbhuanaithe in Toulouse

Ag freastal go cothrom ar an bhfás uirbeach, ar an mbithéagsúlacht, ar an gcompord agus ar an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
Responsible urban development in Toulouse

Príomhfhíricí

Cineál tionscadail: rialachas, inbhuanaitheacht 

Príomhurraitheoir: Cathair Toulouse 

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích: 2023

Achar iomlán:  118 km2 (cathair Toulouse)

Cathair / cúlra réigiúnach

Is cathair iontach tarraingteach í Toulouse in Iardheisceart na Fraince, áit a bhfuil trí Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO agus earnáil dhinimiciúil aerloingseoireachta agus spáis. Le deich mbliana anuas, tá méadú 5,000 duine ar an meán tagtha ar dhaonra Toulouse in aghaidh na bliana. Gach bliain, bíonn gá le 3,500 aonad tithíochta nua a thógáil agus bíonn gá le ceantair ghnó a leathnú. Mar sin féin, go dtí seo rinneadh cuid mhór den fhorbairt sin gan fhís fhoriomlán. 

I gcathair ina gcónaíonn líon ard daoine cosúil le Toulouse, bíonn dúshlán i gceist má táthar ag iarraidh pleanáil ar bhealach ina mbeidh an chathair tarraingteach go fóill agus ina mbeifear in ann maireachtáil inti, cé gur cathair ard-dlúis í. Ciallaíonn sé sin nach mór tabhairt faoi na nithe seo a leanas: 

  • Spásanna glasa a chaomhnú  
  • Béim a leagan ar ailtireacht ar ardchaighdeán a chuireann le féiniúlacht láidir a choinneáil tríd an timpeallacht thógtha  
  • Áiseanna a fhorbairt don iompar poiblí, don rothaíocht agus do choisithe  
  • Deimhin a dhéanamh de go mbeidh daoine in ann siopaí, seirbhísí agus láithreacha oibre a bhaint amach laistigh de 15 nóiméad agus iad ag siúl nó ag rothaíocht 

Bíonn teocht an-ard in Toulouse le linn an tsamhraidh freisin, agus is minic go mbíonn róthéamh uirbeach sa chathair dá bharr. Bíonn drochéifeacht ag an teocht ard ar shláinte mhuintir na cathrach agus ar an mbithéagsúlacht áitiúil araon. 

Réiteach

In 2016, sheol cathair Toulouse Plean Uirbeach Toulouse, chun an fhorbairt uirbeach a stiúradh le linn na tógála tapa a bhí ar siúl. Leis an tionscnamh sin, leagtar amach fís fhadtéarmach le haghaidh fhás críochach na cathrach suas go dtí 2040. Mar chuid den phlean, leagtar amach straitéisí uirbeacha comhoibríocha agus fís chomhroinnte i measc páirtithe leasmhara éagsúla, agus cuirtear réitigh ar fáil le haghaidh tionscadail tógála nua chomh maith. Tar éis Fhorógra 2018 inar leagadh amach fís uirbeach, chathair Toulouse agus Máistirphlean 2019 na Cathrach, leagadh amach i máistirphleananna a bhaineann go sonrach le ceantair éagsúla (2023) an dóigh a mbaineann an máistirphlean le gach earnáil, ceantar agus sráid . 

 D'fhorbair an chathair uirlisí le haghaidh pléití cuiditheacha le hailtirí agus forbróirí maoine, mar aon le critéir agus treoirlínte cáilíochta do gach ceann de na sé phríomhcheantar atá sa chathair. Mar thoradh ar an obair theicniúil agus ar rannpháirtíocht fhorleathan na saoránach le trí bliana anuas, tá sé cinn de leabhráin ar fáil anois ar a dtugtar “Les Cahiers Toulousains.” 

Cumhdaíonn na leabhráin sin raon réimsí beartais, an tithíocht, an nádúr, an geilleagar, saoráidí agus an cuimsiú ina measc. Tugtar aghaidh sna leabhráin ar cheisteanna ríthábhachtacha, amhail féiniúlacht na gceantar áitiúil a chosaint, spásanna glasa a fheabhsú, spásanna poiblí a dhéanamh níos deise, an tsoghluaisteacht a éascú, borradh a chur faoin ngeilleagar, agus éagsúlacht ailtireachta agus uirbeach na cathrach a shaibhriú. Dírítear iontu go príomha ar réitigh i leith an athraithe aeráide, agus i ngach leabhrán tugtar bearta iomlánaíocha a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs i ndáil le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.

Critéir i leith an ardchaighdeáin (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Sna leabhráin leagtar amach treoirlínte a bhaineann le comhthéacs nádúrtha agus tógtha na gceantar áitiúil uile. Déantar anailís mhionsonraithe ar fhéiniúlacht agus éabhlóid uirbeach gach ceantair, agus déantar cur síos orthu ó thaobh na staire, na socheolaíochta agus na hailtireachta de.  
  • Bainfear úsáid as na treoirlínte sna leabhráin i ngach tionscadal a bhaineann leis an timpeallacht thógtha. Leis na treoirlínte, féadfaidh bainisteoirí áitiúla a chinneadh an bhfuil tionscadal tógála ábhartha nó nach bhfuil, agus féadfaidh siad oibriú i gcomhar le ceannaire an tionscadail (poiblí nó príobháideach) féachaint leis an tionscadal sin a fheabhsú de réir an chomhthéacs áitiúil. 
  • Cuireadh próiseas rannpháirtíochta nuálach uaillmhianach i bhfeidhm agus fuarthas níos mó ná 2,000 aighneacht in aon bhliain amháin. Bhuail foireann an tionscadail le daoine áitiúla, oibrithe agus cuairteoirí de gach aois agus de gach cúlra sóisialta ó cheantair éagsúla timpeall na cathrach.  Cén toradh a bhí ar an obair sin? Cruthaíodh cártaí aitheantais do gach ceann de na sé cheantar, rud a chuidíonn le daoine nasc pearsanta a choinneáil leis na ceantair ina bhfuil an claochlú uirbeach ag tarlú. 
  • Is doiciméid theicniúla iad na leabhráin, ach scríobhadh iad ar bhealach a mbeadh gach duine in ann iad a léamh chun foghlaim faoina gceantair áitiúla san am a chuaigh thart, san am i láthair agus san am atá le teacht, agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bhforbairt uirbeach ar leibhéal na sráide, an cheantair agus na cathrach. 

Pleanáil agus bainistíocht

Bhí Stiúrthóir Tionscadail agus Bainisteoir Tionscadail ón Roinn um Pleanáil Fhadbhreathnaitheach agus Straitéis Uirbeach i gceannas ar an tionscadal ar feadh trí bliana. Scríobhadh na codanna teicniúla de na Leabhráin le tacaíocht ó chúigear ailtirí, pleanálaithe uirbeacha agus ailtirí tírdhreachtaithe ó ghníomhaireacht pleanála uirbí Toulouse (AUAT). 

Ar an iomlán, chomhoibrigh thart ar 50 roinn de chuid na Cathrach agus na hArdchathrach sa tionscadal (iompar, daonlathas áitiúil, comhshaol, pleanáil uirbeach, geilleagar, spásanna poiblí, gairdíní poiblí, oidhreacht uirbeach, cumarsáid, etc.), agus ghlac siad páirt i 50 ceardlann theicniúil nó mar sin. 

Ghlac ailtirí, comhlachtaí réadmhaoine, agus muintir Toulouse páirt sna comhairliúcháin.

Buiséad agus maoiniú

Buiséad iomlán: €1,200,000 arna chur ar fáil ag Cathair Toulouse. 

Caitheadh milliún euro ar staidéir, €200,000 ar an bpróiseas comhairliúcháin leis na saoránaigh, agus cuireadh méid beag airgid leis an mbuiséad don phriontáil. 

Smaointí inaistrithe

Leideanna ón gcathair/réigiún: 

  • Ról a thabhairt do gach roinn cathrach maidir le fís chomhroinnte a fhorbairt ón tús, ionas gur deis a bheidh i máistirphlean na cathrach chun dea‑chleachtais reatha a fheabhsú agus tuilleadh tionscadail nua a spreagadh. 
  • Tacaíocht pholaitiúil láidir a bhailiú don tionscadal trí ról a thabhairt do na hoifigigh thofa áitiúla uile sa phróiseas.  
  • A bheith nuálach, uaillmhianach agus oscailte agus an máistirphlean uirbeach á chruthú, chun gur réitigh áitiúla amach is amach a bheidh i scéal na cathrach agus sna treoirlínte a leagtar amach.