Bíonn comhar maidir le beartas cultúir idir an Coimisiún Eorpach agus na 27 mBallstát den Aontas Eorpach (AE) i gcomhlachtaí ullmhúcháin gaolmhara Chomhairle an Aontais Eorpaigh – an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt – agus sa Choiste um Ghnóthaí Cultúrtha.
Tá an Coimisiún freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus, i réimse an chultúir, dá Choiste um Chultúr agus um Oideachas.
Leis an gcomhar sin tá gá le hidirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le geallsealbhóirí cultúrtha agus le gníomhaithe eile, amhail cathracha agus réigiúin nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle na hEorpa, Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).
Comhar leis na Ballstáit
Is bealach praiticiúil struchtúrtha é an Modh Oscailte um Chomhoibriú (MOC) chun ionadaithe ó Bhallstáit an Aontais a thabhairt le chéile chun malartú dea-chleachtas a spreagadh maidir le ceapadh beartas agus scéimeanna maoinithe. Cothaíonn an modh sin tuiscint chomónta ar na fadhbanna agus cuidíonn sé chun comhdhearcadh a spreagadh maidir le réitigh agus a gcur i bhfeidhm.
Trí MOC tagann saineolaithe, arna gceapadh ag na Ballstáit, le chéile 5-6 huaire thar thréimhse 18 mí chun moltaí beartais, lámhleabhair agus sraitheanna uirlisí a chur le chéile ar fud na hEorpa. Tá an Coimisiún freagrach as MOC a eagrú, formhór a chruinnithe a óstáil, agus tacú le hobair na ngrúpaí MOC le nuashonruithe beartais agus le hionchur, amhail staidéir.
Bíonn grúpaí saineolaithe MOC ag teacht le chéile ó bhí 2008 ann. Seo a leanas na hábhair is déanaí:
- Culture as a driver for sustainable development [‘An cultúr mar spreagadh don fhorbairt inbhuanaithe’] (2022)
- Strengthening cultural heritage resilience for climate change [‘Athléimneacht na hoidhreachta cultúrtha a neartú le haghaidh an athraithe aeráide’] (2022)
- An t-ilteangachas agus an t-aistriúchán (2022)
- Audio-visual co-productions [‘Comhléiriúcháin chlosamhairc’] (2022)
- High-quality architecture and living environment [‘Ailtireacht agus timpeallacht mhaireachtála ar ardchaighdeán’] (2021)
- Status and working conditions of artists [‘Stádas agus dálaí oibre na n-ealaíontóirí’] (le foilsiú i lár 2023)
Le linn na tréimhse 2015-2018 (Plean Oibre le haghaidh an Chultúir 2015-2018), chuir grúpaí MOC na tuarascálacha seo a leanas le chéile:
- From social inclusion to social cohesion: the role of culture policy [‘Ón gcuimsiú sóisialta go dtí an comhtháthú sóisialta: ról an bheartais cultúir’] (2019)
- Sustainable cultural tourism [‘Turasóireacht chultúrtha inbhuanaithe’] (2019)
- European movies on the move [‘Scannáin Eorpacha ag gluaiseacht’] (2019)
- Fostering cooperation in the European Union on skills, training and knowledge transfer in cultural heritage professions [‘Comhar san Aontas Eorpach a chothú ar scileanna, oiliúint agus aistriú eolais i ngairmeacha oidhreachta cultúrtha’] (2019)
- The role of public policies in developing entrepreneurial and innovation potential of the cultural and creative sectors [‘Ról na mbeartas poiblí in acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fhorbairt’] in éineacht le Overview of EU policies and studies related to entrepreneurship and innovation in cultural and creative sectors [‘Forbhreathnú ar bheartais agus staidéir de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fiontraíocht agus nuálaíocht in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta’] (2018)
- Participatory governance of cultural heritage [‘Rialachas rannpháirteach na hoidhreachta cultúrtha’] (2018)
- How culture and the arts can promote intercultural dialogue in the context of the migratory and refugee crisis [‘An dóigh ar féidir leis an gcultúr agus leis na healaíona idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn i gcomhthéacs ghéarchéim na himirce agus na ndídeanaithe’] (2017)
- Promoting access to culture via digital means: policies and strategies for audience development [‘Rochtain ar chultúr a chur chun cinn trí mheáin dhigiteacha: beartais agus straitéisí chun lucht féachana/éisteachta a fhorbairt’] (2017) agus a fhoghrúpa ar Promoting reading in the digital environment [‘An léitheoireacht a chur chun cinn sa timpeallacht dhigiteach’] (2016)
Idirphlé le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta
Tá an Coimisiún tiomanta an t-idirphlé a neartú le heagraíochtaí ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa Chlár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir. Is réamhriachtanas é an comhar sin chun go n-éireoidh le cur chun feidhme an Chláir Oibre.
Tugann an Coimisiún páirtithe leasmhara agus cinnteoirí le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha a phlé de réir tosaíochtaí beartais agus topaicí beartais, agus forbairtí agus riachtanais earnála á gcur san áireamh. Is é is aidhm dó acmhainn abhcóideachta earnáil an chultúir i ndíospóireachtaí beartais ar chultúr ar leibhéal na hEorpa a neartú, agus na heagraíochtaí sin á spreagadh le hoibriú i gcomhar lena chéile ar bhealach níos fearr.
Is é Guthanna an Chultúir an t-idirphlé struchtúrtha sonrach a bhfuil an Coimisiún ag tacú leis ó bhí 2015 ann. Cuireann sé creat ar fáil le haghaidh cur is cúiteamh idir an Coimisiún agus páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta san Aontas. Tá Guthanna an Chultúir á reáchtáil ag an Goethe-Institut faoi láthair thar ceann an Choimisiúin.
Tá fáil ar na téamaí reatha agus ar na téamaí roimhe seo ar thug an t-idirphlé Guthanna an Chultúir aghaidh orthu ar a suíomh gréasáin.
- Audience development via digital means [‘An lucht féachana/éisteachta a fhorbairt trí mheáin dhigiteacha’] (2018)
- International Cultural Relations [‘Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta’] (2022)
- (Re)-Engaging digital audiences in the cultural sectors [‘(Ath)-Nascadh an luchta éisteachta/féachana dhigitigh in earnálacha an chultúir’] (2022)
- Status and working conditions for artists, cultural and creative professionals [‘Stádas agus dálaí oibre na n-ealaíontóirí agus na ngairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha’] (2021)
- Culture and the Sustainable Development Goals [‘An Cultúr agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe’] (2021)
- Gender balance in the cultural and creative sectors [‘Cothromaíocht inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta’] (2020)
- The role of culture in non-urban areas of the European Union [‘Ról an chultúir i gceantair neamhuirbeacha san Aontas Eorpach’] (2020)
- Social Inclusion: partnering with other sectors [‘Cuimsiú Sóisialta: comhpháirtíocht a dhéanamh le hearnálacha eile’] (2018)
- Skills, Training and Knowledge Transfer: traditional and emerging heritage [‘Scileanna, Oiliúint agus Aistriú Eolais: oidhreacht thraidisiúnta agus oidhreacht atá ag teacht chun cinn’] (2017)
- Intercultural dialogue culture in shared public spaces [‘Cultúr an idirphlé idirchultúrtha i spásanna poiblí comhroinnte’] (2016)
- The role of culture in promoting inclusion in the context of migration [‘Ról an chultúir maidir le cuimsiú a chur chun cinn i gcomhthéacs na himirce’] (2016)
- Developing the entrepreneurial and innovation potential of the cultural and creative sectors [‘Forbairt a dhéanamh ar acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta’] (2016)
- Participatory governance of cultural heritage [‘Rialachas rannpháirteach na hoidhreachta cultúrtha’] (2015)
Féach leat tuilleadh téamaí ó na h eagráin roimhe seo.
Cooperation with the EU countries
The Open Method of Coordination (OMC) is a practical and structured way to bring together representatives from EU countries to encourage the exchange of good practices regarding the design of policies and funding schemes. The method fosters a common understanding of issues and helps to build consensus on solutions and their implementation.
Voices of culture: dialogue with cultural and creative sectors
The European Commission maintains regular dialogue with European organisations from the cultural and creative sectors and industries, as part of its activities in the field of culture.
From 2015 until 2023 the Commission organised a structured dialogue, called Voices of culture, as part of the New European Agenda for Culture. It provided a framework for discussions between civil society stakeholders and the Commission. It was implemented by the Goethe-Institut on behalf of the Commission following a call for tender.