Skip to main content

Culture and Creativity

Manilva: cathair bheag cois cósta á glasú

Pleanáil uirbeach fhreagrach le haghaidh athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.

Tír:
Type of project :
Size of city/region:
Map of development plan of Manilva, in Spain.

Príomhfhíricí

Stiúideonna ailtireachta: n'UNDO

Príomhurraitheoir: Comhairle Cathrach Manilva

An bhliain a cuireadh an tionscadal i gcrích:  2022

Duaiseanna: Gradam Náisiúnta Uirbeachais na Spáinne 2022

Cúlra cathrach/réigiúnach

Is bardas cois cósta é Manilva atá suite i réigiún Málaga na hAndalúise. Is ceann scríbe turasóireachta é mar gheall ar an áit a bhfuil sé suite, agus an cultúr fíona agus an oidhreacht atá ann. Tá sé ar cheann de na bardais is tapúla forbairt ar Costa del Sol le deich mbliana anuas, agus an daonra tar éis méadú faoi thrí nach mór. In 2019, eachtrannaigh a bhí i níos mó ná aon trian de na cónaitheoirí, as an Ríocht Aontaithe go príomha. Cé gur inneall eacnamaíoch é an turasóireacht, méadaíonn sí an trácht agus an truailliú agus cuireann sí brú ar sheirbhísí agus ar sholáthairtí bardasacha.

Le blianta beaga anuas, tá nuashonrú á dhéanamh ag an mbardas ar a phleanáil uirbeach agus chríochach chun ailíniú le straitéisí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim aeráide. Sa chlár oibre uirbeach áitiúil agus sa phlean gníomhaíochta gaolmhar a ghabhann leis, cuirtear béim láidir ar an inbhuanaitheacht, an t-athnádúrúchán, an dícharbónú agus an athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide ar fud réimsí beartais.

I gcomhréir leis na cuspóirí sin, choimisiúnaigh Oifig Pleanála Uirbí an Bhardais an oifig theicniúil n'UNDO chun staidéar a dhéanamh agus straitéis a mholadh chun timpeallacht uirbeach Manilva agus an ceantar máguaird a fheabhsú agus a athbheochan. Tá modheolaíocht n'UNDO bunaithe ar phrionsabail na hidirghabhála íosta (‘Ná déantar’, ‘Cealaítear’, agus ‘Athdhéantar’) don tionchar is mó is féidir.

Réiteach

D'eascair uirlis cinnteoireachta pleanála uirbí as an gcúnamh teicniúil: “#Manilva Plan n'2030”. Cuireann sé tograí agus straitéisí praiticiúla ar fáil d’fhorbairt inbhuanaithe Manilva sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, rud a fhágann gur féidir cur i bhfeidhm solúbtha a dhéanamh, aiseolas a thabhairt agus oiriúnú i leith athruithe a dhéanamh.

Sa phlean sin tá 212 ghníomhaíocht shonracha agus neamhspleácha, arna gcomhordú trí 3 straitéis:

  • Manilva, nádúrtha agus cultúrtha
  • Manilva, nasctha agus inrochtana
  • Manilva ina bheatha ó cheann ceann na bliana

Is féidir na tograí a chur i bhfeidhm go neamhspleách agus gan ordú réamhbhunaithe chun cáilíocht, rialú agus athshocrú níos fearr a chinntiú le himeacht ama.

Seo roinnt samplaí: athchóiriú foirgneamh tréigthe le haghaidh tithíochta, trácht carranna a laghdú sa lár uirbeach, siúlóidí glasa chun limistéir pheirea-uirbeacha a nascadh leis an lár, deireadh a chur le 7.5 km de mhótarbhealach ag dul trí lár na cathrach, áiteanna páirceála laistigh de 200 m ón gcósta, agus ardán buan rannpháirtíochta saoránach a bhunú.

Ag céim na hanailíse agus céim an togra, chuir Comhairle Cathrach Manilva gníomhairí éagsúla ón riarachán poiblí, ionadaithe tofa, agus an tsochaí shibhialta (cónaitheoirí, gnólachtaí, eagraíochtaí oidhreachta) san áireamh. Chruthaigh na dearcthaí éagsúla sin léargas mionsonraithe ar an limistéar agus chuir siad le tograí nithiúla i dtreo samhail uirbeach inbhuanaithe sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Critéir don ardchaighdeán (comhthéacs, ómós áite, éagsúlacht, áilleacht)

  • Is ar scálaí éagsúla (críochach, bardasach, sráide) a rinneadh an anailís chun go mbeadh na réaltachtaí éagsúla infheicthe agus iad a cheangal le chéile, ar réaltachtaí iad atá ann i gcomhthráth leis an gcastacht chríochach agus uirbeach, agus chun na gníomhairí uile atá nasctha leis an bpróiseas a chur san áireamh. Leis sin, éascaítear dearcthaí éagsúla a chur san áireamh, ó dhearcthaí suibiachtúla go cur chuige níos teicniúla.
  • Mar chuid den anailís, rinneadh athbhreithniú ar thírdhreacha cultúrtha, oidhreachta agus éiceolaíocha, ar inbhuanaitheacht chríochach, ar an tsraoilleáil uirbeach agus ar an éagsúlacht. Scrúdaíodh freisin an nasc idir na sléibhte agus an cósta, agus tionchar déach na turasóireachta.
  • Saintréith den mhodheolaíocht is ea a hinoiriúnaitheacht, a próiseas iomlánaíoch agus a rannpháirteachas, agus bíonn idirphlé leanúnach ann i ngach céim atá curtha in oiriúint do chásanna sonracha agus amlínte solúbtha ag gabháil leo. Is é an toradh atá air sin formáid inrochtana phraiticiúil agus tacaíocht dhigiteach chun éascú a dhéanamh ar bhainistiú an phlean agus ar mhonatóireacht ar na céimeanna éagsúla: I. Anailís agus diagnóis, II. Tograí agus Straitéis, III. Cur i bhfeidhm, agus IV. Meastóireacht.

Rialachas agus bainistíocht

Tá an obair seo á cur chun cinn agus á maoirsiú ag aonad teicniúil agus dlíthiúil Roinn Pleanála Uirbí Chomhairle Cathrach Manilva.

Chun Plean n' a fhorbairt, cuirtear líon na mball foirne agus na próifílí teicniúla in oiriúint do mhéid an cheantair agus do dhálaí áitiúla. In Manilva níor forbraíodh ach Céim I (Anailís agus diagnóis) agus Céim II (Tograí agus Straitéis) de Plean n', ina raibh bainisteoir foirne agus beirt phleanálaithe uirbeacha páirteach, le tacaíocht ó phróifílí eile le haghaidh réimsí sonracha amhail eolaíochtaí comhshaoil agus éiceolaíocht.

Buiséad agus maoiniú

€14,500 (Céim 1 agus 2), arna mhaoiniú ag Oifig Pleanála Uirbí Bhardas Manilva, ab ea an buiséad don chúnamh teicniúil le haghaidh oibreacha ullmhúcháin an Chláir Oibre Uirbigh Áitiúil agus a Phlean Gníomhaíochta.

Smaointí inaistrithe

Is féidir modheolaíocht Phlean n'UNDO a athchruthú i gcomhthéacsanna éagsúla agus ar scálaí éagsúla.

Leideanna ón gcathair:

  • Tiomantas polaitiúil agus teicniúil a dhaingniú ón tús. Tús áite a thabhairt don phróiseas thar thorthaí.
  • Tuiscint shoiléir a fháil ar na riachtanais áitiúla i ndáil le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Tosú leis an gcéad dá chéim den mhodheolaíocht, ina bhfuil íosmhéid de na hacmhainní de dhíth chun dearcadh a fháil ar na féidearthachtaí agus na straitéisí is féidir a chur i bhfeidhm i do chríoch féin.

Sonraí teagmhála